Osclaíodh Leabharlann Carnegie Chábán tSíle sa bhliain 1912 agus cheiliúir sí a céad bliain ar an bhfód in 2012. Bhí tionchar ag an ngluaiseacht Ealaíon agus Ceirdeanna ar a stíl ailtireachta agus áirítear stuaic umha, díon ar a bhfuil tíleanna gorma agus dearga agus fuinneoga luaidhe lena sainghnéithe.