Fáilte go leathanach Phodchraoltaí Leabharlanna DLR, seirbhís nua ó Leabharlanna DLR. Má chaill tú cuid de na himeachtaí a bhí againn le cúpla mí anuas tá deis agat iad a chloisteáil anois faoi mar a tharla siad mar go bhfuil leathanach nua againn le haghaidh na bpodchraoltaí.

Féadfaidh tú a bheith ag brabhsáil leat anseo trí chnuasach iomlán na bpodchraoltaí atá sa tsraith. Tá gach ceann díobh ar an leathanach agus féadfaidh tú éisteacht leo, féachaint orthu, nó iad a íoslódáil agus a shábháil. Féadfaidh tú freisin iTunes a úsáid don íoslódáil uathoibríoch agus don sioncronú go dtí iPod, nó féadfaidh tú liostáil leis an bhfotha RSS.